11. Conas a d’fhéadfadh dola €3 a bheith €151.60?

Le haghaidh aistear i ndiaidh an 1 Éanair.

Mura íocann tú an dola agus an fhineáil €3 a ghabhann leis ar dtús, gearrfar ort fineáil eile de €41.50 laistigh de 14 lá.

Mura íocann tú an méid iomlán iníoctha laistigh de 56 lá, gearrfar ort fineáil eile de €104.00 mar thoradh air seo. Ansin mura íocann tú an méid iomlán iníoctha, tionscnófar imeachtaí dlí agus seolfar fógra sáraithe tola chuig úinéir cláraithe na feithicle.