12. Modhanna íocaíochta

MODHANNA ÍOCAÍOCHTA CHUN AN FHINEÁIL A ÍOC:

Modh Íocaíochta ar líne

Íoc ar líne anseo. Ní mór d’uimhir tagartha agus na sonraí chárta creidmheasa a bheith agat. (Tá an uimhir tagartha sa chúinne ag barr an leathnaigh seo ar dheis) Tá an rogha seo ar fáil 24 uair in aghaidh an lae, gach lá.

Modh íocaíochta thar an bhfón

Glaoigh ar 068 56700 nó 0818 313100. Gheobhaidh tú comhairle conas an próiseas íocaíochta a chríochnú. Ní mór d’uimhir tagartha agus na sonraí chárta creidmheasa a bheith agat (Tá an uimhir tagartha sa chúinne ag barr an leathnaigh seo ar dheis).

Is féidir glao a dhéanamh idir Luan agus Aoine (seachas laethanta saoire bainc ) óna 8 a.m. go dtí 6 p.m.

Modh íocaíochta seiceanna

Is ceart seic nó dréacht bainc a bhfuil an méid ceart ann a dhéanamh iníoctha le ‘Pierce Fitzgibbon Solicitors’. Caithfear é a sheoladh chuig: Pierse Fitzgibbon Solicitors, Sráid an Mhargaidh, Lios Tuathail, Co. Ciarraí, Éire.

Caithfear d’ainm iomlán agus an uimhirphláta a scríobh ar chúl an tseic nó ar chúl an dréachta bainc le haghaidh tagartha.