5. Fuair mé fógra sáraithe tola ach d’íoc mé as cheana, ag measín Payzone, thar an bhfón nó ar líne ar eflow.ie

1. An bhfuil admháil agat?

Sa chás go bhfuil ceann agat, seiceáil uimhreacha an phláta cláraithe, uaireanta meascaítear uimhreacha agus litreacha agus b’fhéidir gur iontráil thú ‘O’ in áit an uimhir ‘0’. Má tá coíp den admháil agat agus más féidir leat an botún a fheiceáil, seol cóip na hadmhála chuig oifig na ndlíodóirí Pierse Fitzgibbon nó téigh i dteagmháil leis an oifig ag 0818 313 100 agus fiosrófar an scéal.

2. Ar íoc tú in am?

Ní mór na híocaíochtaí seo a dhéanamh roimh 8pm an lá i ndiaidh duit taisteal. Má tá an spriocdháta thart agus níor íoc tú as ag measín payzone nó ar eflow.ie nó thar an bhfón (lárionad glaonna eflow: glao áitiúil 1890 50 10 50 Luan – Domhach 7a.m – 11p.m) eiseofar iarraidh chaighdeánaithe ar íocaíocht (STR) chuig seoladh cláraithe na feithicle.