View this page in English.

Is iad na dlíodóirí Pierse Fitzgibbon Soláthraí Seirbhíse Forfheidhmithe don chóras dola gan bhacainn M50 .

Phone: 068 56700 or 0818 313 100

Online Payments: Íocaíochtaí ar líne: Cliceáil anseo chun íocaíocht a dhéanamh

Business Hours: Uaireanta Gnó: Luan – Aoine 8:00 a.m. – 6:00 p.m..

Fógra maidir le Cosaint Sonraí

Réamhrá

An 30 Lúnasa 2008 cuireadh na socruithe dola gan bhacainn eFlow in áit Dhroichead tola an Naisc Thiar M50 a bhí ann ó 1990 ar aghaidh. Baineadh an tseandhroichead Tola agus cuireadh ina áit córas dola gan bhacainn, agus baineadh an chuspóir straitéiseach amach chun febhas a chur ar chúrsaí tráchta trí stop a chur leis na scrogaill tráchta a tharlaíodh de bharr na mbacainní. Cuireadh deireadh leis na moilleanna a mhaireadh leathuair an chloig nó níos mó freisin.

Ta an mótarbhealach ag oibriú níos éifeachtaí agus baineann buntaistí leis le haghaidh gach úsáideoir bóithre lena n-áirítear leoraithe agus baineadh tairbhe as níos lú brú tráchta ó thaobh na timpeallachta de.

Ceisteanna coitianta

1. Táillí tola, teorainneacha ama agus Pionóis amhail ar 01/01/25



Tola infheidhme (tagraíonn sé don gCineál Fhodhlí)
Cineál Úsáideora nó Cineál Feithicle. Aonad Insuite
Cláraithe
Feithicil
Cuntas Físeáin
Cláraithe
Feithicil
Feithicilí Eile
1. Gluaisteán nó feithicil seirbhíse poiblí a bhfuil suíocháin le haghaidh nach mó ná ochtar paisnéirí. €2.50 €3.10 €3.80
2 (a) Feithicil earraí gan lasta le meáchan feithicle nach mó ná 2,000kg ann nó
kilograms; or

  (b) Bus nó cóitste a bhfuil suíocháin ann le haghaidh níos mó ná ochtar paisneirí.
€3.50 €4.10 €4.80
3. Feithicil earraí gan lasta le meáchan feithicle níos mó ná 2,000kg ann ach nach mó ná 10,000kg. €5.10 €5.80 €6.40
4 (a) Feithicil earraí gan lasta le meáchan feithicle níos mó ná 10,000kg ann; nó
  (b) aonad tarracóra le haghaidh leoraí.
€6.40 €7.00 €7.70

De réir forálacha na bhfodhlíthe: tá na táillí tola le haghaidh 2025 mar seo:

  • Is é an chéad tola a ghearraítear ar úsáideoir/cineál feithicle ná an tola infheidhme a shonraítear don úsáideoir móide €4.00.
  • Is é an dara tola a ghearraítear ar úsáideoir/cineál feithicle ná an chéad tola infheidhme móide €50.00.
  • Is é an tola deiridh a ghearraítear ar úsáideoir/cineál feithicle ná an tola infheidhme a shonraítear don úsáideoir móide €125.50.

2. Cá bhfuil dolabhóthar an M50?

Tá dola an M50 suite ar an mótarbhealach idir:

  • Acomhal 6, áit a bhfuil crosbhealach an N3 suite (Acomhal Baile Bhlainséir a ghlaoitear air) agus
  • Acomhal 7, áit a bhfuil crosbhealach an N4 (Acomhal Leamcháin a glaoitear air).

Is idir an dá phointe seo atá an dola ach ní chaithfear stop ann toisc go bhfuil córas dola gan bhacainn i gceist.

3. Pionóis

Mura bhfuil tú cláraithe agus mura n-íocann tú do thola roimh 8pm an lá i ndiaidh d’aistir, gearrfar fineáil €4.00 ar an táille gan íoc.

Le haghaidh na haistir tar éis an Chéad lá Éanair 2025.

Mura bhfuil an dola agus an fhineáil íoctha agat laistigh de 14 lá, gearrfar fineáil dhéanach €50.00 ort.

Mura n-íoctann tú an méid sin laistigh de 56 lá gearrfar fineáil dhéanach breise ort de €125.50. Mura n-íocann tú an méid atá dlite, tionscnófar imeachtaí dlí agus seolfar fógra TVN chuig úinéir cláraithe na feithicle.

4. Is mise úinéir an ghluaisteáin, ach ní raibh mé ag tiomáint ag an am, cad a tharóidh sa chás seo?

Faoi fhodhlíthe an M50, tá úinéir cláraithe na feithicle faoi dhliteanas na dtola agus aon fhineáil a ghabfadh leis an bhfeithicil, beag beann ar a raibh tú ag tiomáint an dáta a bhí i gceist.

5. Fuair mé fógra sáraithe tola ach d’íoc mé as cheana, ag measín Payzone, thar an bhfón nó ar líne ar eflow.ie

1. An bhfuil admháil agat?

Sa chás go bhfuil ceann agat, seiceáil uimhreacha an phláta cláraithe, uaireanta meascaítear uimhreacha agus litreacha agus b’fhéidir gur iontráil thú ‘O’ in áit an uimhir ‘0’. Má tá coíp den admháil agat agus más féidir leat an botún a fheiceáil, seol cóip na hadmhála chuig oifig na ndlíodóirí Pierse Fitzgibbon nó téigh i dteagmháil leis an oifig ag 0818 313 100 agus fiosrófar an scéal.

2. Ar íoc tú in am?

Ní mór na híocaíochtaí seo a dhéanamh roimh 8pm an lá i ndiaidh duit taisteal. Má tá an spriocdháta thart agus níor íoc tú as ag measín payzone nó ar eflow.ie nó thar an bhfón (lárionad glaonna eflow: glao áitiúil 0818 50 10 50 Luan go hAoine 08:00 – 21:00 Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh 10:00 – 18:30) eiseofar iarraidh chaighdeánaithe ar íocaíocht (STR) chuig seoladh cláraithe na feithicle.

6. Fuair mé fógra sáraithe tola ach bhog mé chuig teach nua agus níor fuair mé na litreacha roimhe seo dá bharr sin.

Tabhair faoi deara go ndéantar cuardach ar ainm an úinéara agus seoladh cláraithe na feithicle a chuaigh thar an bpointe tola. Déantar an cuardach i Rannóg ghníomhaireacht na dtiománaithe carranna agus feithiclí i Roinn an Iompair sa tSionainn agus seolfar gach litir chuig an tseoladh cláraithe sin.

Faoi réir fhodhlíthe an M50 idir Acomhal 6 agus 7 2008, is ar úinéir na feithicle atá an fhreagracht a chinntiú gur íoc sé nó sí as na táillí tola infheidhme in am taobh amuigh de na fógraithe a fhaightear maidir leo.

7. My vehicle is foreign – registered

Is faoina tiománaithe eachtracha a thagann chuig cibé tír a bheith ar an eolas faoi rialacha bóithre agus fodhlíthe. Tá eolas ar fáil trí eagraíochtaí carr, gnólachtaí caranna ar cíos agus in oifigí turasóireachta anseo agus thar lear.

8. Goideadh m’fheithicil ar lá an lua.

Sa chás gur goideadh do charr ar lá an lua, mholfaimis dul i dteagmháil leis na Gardaí láithreach agus faigh cóip de thuairisc na nGardaí a bhaineann leis an gcion seo. Le do thoil seol chóip na tuairisce chuig an oifig seo agus fiosrófar an scéal.

9. Diúltaím an fineáil a íoc – cad a tharlóidh ansin?

De réir fhodhlíthe an M50 (idir Acomhal 6 agus 7) ó Iúil 2008 ar aghaidh, caithfear gach duine a théann thar an dtolaphointe M50 an táille chuí a íoc, agus tá na daoine nach íocann ciontach i gcion.

Sa chás nach íocaítear na fineálacha, ansin tugtar an cheist chuig Pierse Fitzgibbon mar is linnsa an fhreagracht chun na fineálacha a bhailiú mar gniomhaireacht fhorfheidhmithe dhleathach.

Seolfar fógra sáraithe dola chugat chun a chur in iúl duit an méid atá iníoctha agus is é sin do dheis dheireanach chun déileáil leis an gceist sular dtionscnaítear imeachtaí dlí ort sa Chúirt Dúiche.

Mura íocaítear as an bhfógra sáraithe dlí seo laistigh de 7 lá ón dáta a bhfuil ar an bhfógra sáraithe dola, seoltar fógra éilimh chugat agus beidh ort bheith i láthair sa Chúirt chun do chás a chruthú.

Mar chosantóir tá dhá rogha agat ansin:

  1. An t-éileamh a chruthú; caithfear an Chosaint agus an Láithreas a sheoladh chuig dlíodóir an ghearánaithe Pierse Fitzgibbor Sráid an Mhargaidh Lios Tuathail, Co. Chiarraí agus chuig Cléireach an chúirte chuí agus beidh ort bheith i lathair sa Chúirt chun do chás a chruthú.
  2. Neamhaird a thabhairt ar an gceist agus dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile, d’fhéadfaí breith a fháil i do choinne mar thoradh air seo.

Tabhair faoi deara go raibh ortsa an chosantóir na costais bhreithe a íoc nuair a chinntear é.

10. Cad atá i gceist le breith i do choinne.

“Dá ndeanfaí cuardach creidmheasa ort agus dá dtiocfaí ar bhreith, beidh tionchar aige ar do chumas iasacht nó morgáiste a fháil”.

Nuair a eisítear breith ort, tarlóidh ar a laghad ceann de na rudaí seo a leanas:

  • Clárófar an bhreith in Oifig Lárnach na hArdchúirte, agus dá bharr sin foilseofar fúithi sa nuachtán Stubbs Gazette.
  • D’fhéadfaí an bhreith a chur i lámh an tsirriam ar maithe lena hurghabháil.
  • D’fhéadfaí ordú tráthchoda a fháil i do choinne.
  • D’fhéadfaí Morgáiste Breithe a chlárú i gcoinne do thalún.

Sa chás go ndéanfaí cuardach creidmheasa ort agus dá dtiocfaí ar bhreith beidh tionchar aige ar do rátáil creidmheasa agus beidh sé níos deacra duit iasacht nó morgáiste a fháil.

11. Conas a d’fhéadfadh dola €3.80 a bheith €183.30?

Mura bhfuil tú cláraithe agus mura n-íocann tú do thola roimh 8pm an lá i ndiaidh d’aistir, gearrfar fineáil €4.00 ar an táille gan íoc.

Le haghaidh na haistir tar éis an Chéad lá Éanair 2025.

Mura íocann tú an dola agus an fhineáil €4.00 a ghabhann leis ar dtús, gearrfar ort fineáil eile de €50.00 laistigh de 14 lá.

Mura íocann tú an méid iomlán iníoctha laistigh de 56 lá, gearrfar ort fineáil eile de €125.50 mar thoradh air seo. Ansin mura íocann tú an méid iomlán iníoctha, tionscnófar imeachtaí dlí agus seolfar fógra sáraithe tola chuig úinéir cláraithe na feithicle.

12. Modhanna íocaíochta

MODHANNA ÍOCAÍOCHTA CHUN AN FHINEÁIL A ÍOC:

Modh Íocaíochta ar líne

Íoc ar líne anseo. Ní mór d’uimhir tagartha agus na sonraí chárta creidmheasa a bheith agat. (Tá an uimhir tagartha sa chúinne ag barr an leathnaigh seo ar dheis) Tá an rogha seo ar fáil 24 uair in aghaidh an lae, gach lá.

Modh íocaíochta thar an bhfón

Glaoigh ar 068 56700 nó 0818 313100. Gheobhaidh tú comhairle conas an próiseas íocaíochta a chríochnú. Ní mór d’uimhir tagartha agus na sonraí chárta creidmheasa a bheith agat (Tá an uimhir tagartha sa chúinne ag barr an leathnaigh seo ar dheis).

Is féidir glao a dhéanamh idir Luan agus Aoine (seachas laethanta saoire bainc ) óna 8 a.m. go dtí 6 p.m.

Modh íocaíochta seiceanna

Is ceart seic nó dréacht bainc a bhfuil an méid ceart ann a dhéanamh iníoctha le ‘Pierse Fitzgibbon Solicitors’. Caithfear é a sheoladh chuig: Pierse Fitzgibbon Solicitors, Sráid an Mhargaidh, Lios Tuathail, Co. Ciarraí, Éire.

Caithfear d’ainm iomlán agus an uimhirphláta a scríobh ar chúl an tseic nó ar chúl an dréachta bainc le haghaidh tagartha.

13. Tá na feithiclí seo a leanas díolmhaithe ó tháille dola M50 a íoc

  • Gluaisrothair
  • Feithiclí dóiteáin nó na seirbhíse otharchairr
  • Feithiclí an Gharda Síochána
  • Feithiclí Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas a úsáidtear i mbun obair oifigiúla
  • Feithiclí Chomhairle Fhine Gall a úsáidtear i mbun obair oifigiúla
  • Feithiclí an chomhlachta tola nó aon duine a cheaptar chun dul i mbun obair chothabhála ar an M50
  • Feithiclí oiriúnaithe do thiománaithe faoi mhíchumas

14. Cé a cheapann Pierse Fitzgibbon mar Soláthraí Seirbhíse Forfheidhmithe?

Is iad na dlíodóirí Pierse Fitzgibbon Soláthraí Seirbhíse Forfheidhmithe a bhí ceaptha ag Bonneagar Iompair Éireann (roimhe seo glaodh an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta air seo) maidir leis an gcóras dola gan bhacainn M50 idir acomhal 6 agus 7.

Cliceáil anseo chun an litir údaraithe a fheiscint.